Cormac Ó Luinín, “A Courtly Poem for Sir Richard Cox”, [printed] in Éigse, 4(1943-44), pp.284-87.

[Bibliographical note: The poem is transcribed in the hand of Charles O’Conor of Belanagare (1710-1790) - who names the author in the MS - and is held in Clonalis, the residence of the O’Conor Don at Castlereagh, in Co. Roscommon, where it is catalogued 8.X.LO.014. The poem is preserved on three loose folio sheets. It is presumed to date from after 1692, when Cox was knighted. A digital copy has been produced for the Irish Script on Screen Project [ISO] at the Dublin Institute for Advanced Studies - online. The version given here is laid out in keeping with RICORSO style using double column tables. The unreadable square characters are embedded in the ISO website.]

fol. 1 recto

Cormac an Chúil mac Uí Luinín
.i. ard-ollamh Éireann do Sir Risteārd Cox
cc.

  fol. 1 verso

1 A Risteārd mhuirnidh na ccreach,
go maire tú fā oineach;
nār théidh tú go hifrionn na cceall,
’s go raibh tú beó againn tamull.

2 Nār fhaice tú choidhche an ghrís īochtrach,
’s go raibh flaithios ’do choinne ro-chríochrach;
cam roilge nār bhainidh dhuit
nō go mbeire tú do chos ō do námhaid.

3 Má théid tú go hifrionn le fán,
go raibh mé 7 tú ar áon-tiomáin;
nō, gidh bé háit a ngeóbhthar leat,
go raibh mé et tú a n-éineacht.

4 Nār fhága mē féin nō thú an sáoghal

nō go raibhmíd aráon gan áon-bháoghal;
’s nār fhága mé an sáoghal choídhche, a Choxi,
nō go raibh mé et tú gan uireasbhaidh.

5 Fuil do chroidhe nā raibh ’do bhrághaid,
’s nā raibh sláis-bhean fúd a’ sīor-chnáid;
bail a’ diabhail nā raibh ort,
a sgraith fhíalmhar na mbeannacht,

6 Nār leagthar thú a ttigh an óil
le bata ceárnach as crúib tascóir;

   
fol. 2 recto fol. 2 verso

nār thuitidh crann gábhacáin ort;
nār bhrisidh an námhaid do charbad.

7 Nā ráibh tú ’do shuidhe air an láir bháin
is neasgóid cháoch ar do leath-mhás;
’s mā bhainionn chaoíche dhuit a’ dul amach
go seachnaidh Críost ort a’ spioralach.

8 Nā raibh gearbōg nimhneach ad chúl
is tú dol a bhoxáil le saighdúir;
nār thuitidh do bhrísde dhíot [a] ccath
’s gan cnaipe nō poll ’na bhásta
is retréut ort go sgárrtha sganlach.

9 Nā raibh mailc bhéul gaile air do chruit
ō iomchar cléibhín go minic;
’sgúabadh sráide nār faicthear thusa,
a mhic mhágaidh do mháthar-sa.

10 Nā raibh tú et cailleach an hata
ag crois margaidh lá geimhriota,
is caimbéul ort go suighe do chlúais,
a’ bollsaireacht bailéd go crithfhúar.

11 Galar sgrathach nā raibh ort
is sgafach iongan a n-ēinfheacht
le bruid thochais, is tú ar crith,
ag síor-chur do th;ōn le gríosaigh.

12 Nā raibh tú ’do dheóraidhe bhocht
ar feadh Fódhla ad fhuighioll mallacht,
gan bhíadh, gan éudach, gan mhaoín,

ag [sío]r-dhéirce go díomhaoin.

13 Nár bheiridh an parantóir ort ar speir2
is tú ’ndeireadh na dreisi ar do mháthair;
’s ná raibh bratlín ghlégheal fād chionn
’do bhollsaire a lár teampaill.

14 Ná raibh tú ’cóimhling ar son h’anma
air chapull mhailceach dho-dhealbhdha,
gan diallaoíd, gan srían, gan spuir,
dot chíapadh, ’s a’ tsían ad shúilibh,

15 An gháoth neartmhar, is í ō thuaith,
an h’aghaidh go díreach bith-bhúan,
hata múlla áird ar do chionn,
’s do chrága ann, d’eagla tuitim,

16 Sdad sgárrtha do bheith innte
a lár gach átha ’san ccoimhling-se,
tú ’greadadh do shál, ’s gan mhaith ann,
nō gurbh éigin ’san áit sin turling.

fol. 3 recto fol. 3 verso

17. Iar ccáill an rása, ’s ar ndol don mbuta,
nár chaithidh thú go hárd curata
ar chlár h’éudain ’sa’ sgreagach cloch
nō go bhfágaidh a néul thú go dochrach.

18 Fearaibh Fáil, is bíd3 ’na díaigh,
nach mbeirdís [or]rthaibh4 a n-aon-rían;
’s nā an ghaoth Mhárta gur luaithe isi
ar a hais chum na háite ō ar ghlúais sí.5

19 Chuirfinn challenge ar bhás na cceárd
dā leagadh a mhéur ort, a Risteárd;
bhuailfinn do dhóirn é ar an tsúil
nó go bhfágbhuinn é ar a leath-ghlún.

20 Na crúba a’ coisreagadh an tuill
d’fhúigfinn aige ’san iorghuill,
’s ’na sheasamh air a theangaidh ’san ccac
nō go ccuirinn Risteārd as amharc.

21. Fear mór f[a]da bhus cneasda do ríghthibh Fáil,
’s ar n[d]ōigh nach bhfaicthear a shamhail go ttí an lá bráth,
crann se�il snasda nach nglacadh siúd spíd ō chách,
oil óil go maire s� ’fhad is bhías grian ar áier!

 

[ close ]

[ top ]